GradX

Isabel
Ní Challaráin

Isabel Ní Challaráin is a final year Journalism student at Technological University Dublin. As Current Affairs Editor of Amárach Magazine, Isabel edited the articles in time for deadlines. Isabel enjoys writing articles in Irish and in English and wrote both of her articles in Irish in keeping with the Irish title, Amárach. In her article ‘Chomh saothrach le beach’ Isabel highlighted the importance of bees to the Irish ecosystem. For her second article ‘Le níos mó rochtain, beidh rath ar ár gcóras iompar’, following her Erasmus experience in Brussels last year, she compared Dublin’s public transport system to Brussels’. Her work for Amárach Magazine was nominated for the National Student Media Awards, ‘Iriseoireacht trí Ghaeilge scríofa’ category. 

Chomh saothrach le beach

Déanann Isabel Ní Challaráin plé ar thodhchaí na mbeach agus a dtábhacht in éiceachóras na hÉireann. 

Cúig bliana ó shin, tháinig Paul Handrick abhaile óna laethanta saoire go páirc lán le bláthanna fiáine, féar fada agus a chuid barraí scriosta go hiomlán. In éagmais claí mór mórthimpeall ar a fheirm 55 acra, d'ith fianna agus coiníní na barraí go léir agus bhí an féar tar éis fás cúpla troigh. Díomách agus éiginnte, shuígh Handrick síos ina ghoirt i gCill Mhantáin, go domhan sa mhachnamh agus iliomad feithidí ar guairdeall thart timpeall air. 

Tháinig smaoineamh chuige nuair a thug sé an buzz san aer faoi deara agus ba léir dó go raibh anam dá chuid féin ag an bpáirc. Gan mórán eolais fhoirmiúil aige cé is moite den tuiscint go raibh speiceas na mbeach go mór in umar na haimléise, labhair sé lena bhean chéile maidir le heagraíocht chaomhnaithe timpeallachta a bhunú. Ní fada ina dhiaidh sin, bunaíodh an chéad tearmann beach fiáin dúchasach ar domhan.  ‘The Bee Sanctuary of Ireland’ a tugadh air, níl aon choirceog ann agus ní tháirgeann sé aon mhil. Cuireann sé spás sábháilte ar fáil don dúlra agus do bheacha fiáine le go mbeidh rath orthu.  

"Níl mórán ag teastáil uaidh beacha. Tá siad cosúil linn féin, tá áit éigin le hithe agus áit éigin le codladh de dhíth orthu," a deir bunaitheoir The Bee Sanctuary of Ireland, Paul Handrick.   

Mar thoradh ar easpa soiléireachta roimhe seo, tá go leor daoine den tuairim go bhfuil an bheach meala i mbaol. Tá daonra na mbumbóg ag méadú, áfach, agus tá níos mó beach meala ar domhan ná mar a bhí riamh. Is iad speicis na mbeach fiáin atá faoi bhagairt faoi láthair.  
"Tá 75% dár bhfeithidí caillte againn le caoga bliain anuas agus i gcás na mbeach tá 40% caillte againn. Tá roinnt cinéal beach ann nach dtaifeadtar thart timpeall an domhain níos mó," a dúirt Handrick.   

Is é caillteanas gnáthóg is cionsiocair leis an laghdú ar dhaonra na mbeach in Éirinn. Tá go leor de mhóinéir bláthanna na hÉireann treabhtha nó tógtha uathu. Laghdaíonn líon na láithreán neadaithe nuair a ghearann daoine a ngairdíní agus faigheann sé seo réigh le hadhmad marbh, gais plandaí lofa agus ithir lom atá ar fáil do bheacha. Tá an t-athrú aeráide, lotnaidicídí agus easpa bia ar nós bláthanna fiáine mar bhagairt orthu freisin.    

Déanann beacha meala cumarsáid lena chéile chun na suíomhanna neadaithe is fearr agus na bláthanna is úsáidí a aimsiú. Ansin iompraíonn beacha pailin ó bhláth go bláth agus déanann siad toirchiú ar an bplanda chun síolta a tháirgeadh. Gan an próiseas seo, ní bheadh formhór plandaí in ann bia a tháirgeadh.   

Molann Handrick do dhaoine gan ceimiceáin a úsáid ina ngairdíní. Fanann Neonicotinoid sa timpeallacht ar feadh cúpla mí. I staidéar a rinne Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar thionchar na lotnaidicídí in Éirinn, tháinigeadar ar rianta de Neonicotinoid i 70% den 30 crúiscín de mhil a tástáladh. 

"Tá lotnaidicídí ceaptha plandaí a mharú agus sin é go díreach cad a dhéanann siad. Lig do d'fhéar fás. Is féidir le spúnog bheag den lotnaidicíd Neonicotinoid 1.25 billiún beach a mharú. Tá cosc in ainm is a bheith air san Aontas Eorpach ach úsáidtear fós é i dtolláin agus scaipeann sé ansin chuig plandaí," arsa Handrick.    

Níl Owen Beckett ón Oifigeach Taighde an Ionaid Sonraí Bithéagsúlachta Nádúrtha dóchasach faoi thodhchaí an phláinéid má leanann daonra na mbeach ar an dtáinrith chun dearmad. Ceapann sé go dtitfidh táirgeadh domhanda bia as a chéile ar deireadh thiar.      
Dúirt Beckett, "Bíonn torthaí, cnónna, glasraí agus fiú roinnt ainmhithe ag brath ar bheacha don chumas barraí a tháirgeadh nó le barraí pailniú a úsáidtear le hainmhithe a chothú. Gan beacha, is cinnte go dtitfeadh an méid bia is féidir linn a tháirgeadh go suntasach."    
Thug an easpa cosaint dleathach spreagadh do roinnt úinéirí talún, úinéirí gnó agus baill de phobal na hÉireann níos mó suim a chur i mbeacha. Tá 101 speiceas éagsúil beach in Éirinn. I measc na speiceas seo, tá an bheach meala, 21 cineál bumbóg agus tá an chuid eile mar bheacha aonaracha. Tá go leor speiceas beach éagsúil agus uathúil in Éirinn, ar nós an Moss Carder Bumblebee agus Willoughby's Leafcutter Bee.  Tá thart ar 90% de dhaonra  an ‘Colletes Bee’, ceann de speicis na mbeach aonarach in Iarthar na hEorpa, ag maireachtáil i ndumhchaí gainimh timpeall chósta na hÉireann.    

"Tá sé mar aidhm ag Plean Pailneoirí na hÉireann cruachás na speiceas dúchasach fiáin a chur chun cinn agus idirdhealú a chruthú idir na speicis sin agus an bheach meala intíre", a dúirt Beckett. 

Cé go labhraíonn Beckett go molltach faoi Phlean Pailneoirí na hÉireann (AIPP), bhí taithí dhifriúil ag Paul Handrick nó 'The Bee Guy' ar Instagram leis an eagraíocht. Bhí Handrick i dteagmháil leis an AIPP nuair a thosaigh tearmann na mbeach ar dtús.  
“Bhí an easpa suime as cuimse agus bhí ‘egos’ á gcosaint acu. D'fhiafraigh muid an bhféadfaidís comhairle a chur orainn agus dhiúltaigh siad dúinn. Dúirt siad nach raibh aon mhaoiniú acu dúinn cé gurb é maoiniú an rud is faide ónár n-intinn. Fuaireamar an freagra céanna ar ais ó go leor eagraíochtaí neamhrialtasacha eile chomh maith,” a dúirt Handrick. 

Bhí baint ag Beckett le tionscadal darbh ainm 'Protecting Farmland Pollinators' le déanaí. An ról a bhí aige sa dtionscnamh ná suirbhé a dhéanamh ar na speicis éagsúla bheacha ar fheirmeacha na hÉireann. An aidhm a bhí aige ná cleachtais atá cabhrach le pailneoirí ar fheirmeacha Éireannacha a chur chun cinn. Dúirt Beckett gur bealach éasca cabhrú le beacha ná do ghairdín a fhás agus fálta a fhágáil gan bearradh agus ciumhais.  

Spreagann sé seo fás lán-bhláthanna ar theorainneacha agus cruthaíonn sé bruacha loma ithreacha a thacaíonn le neadú na mbeach. Meallann bainc beiche go leor beacha mianadóireachta, beacha allais agus beacha fánacha. Ar an gcaoi chéanna, d'fhéadfaí limistéar gréine, adhmaid mharbh nó óstán beach a chruthú chun beacha shaoir, beacha duilleacha nó beacha aghaidhe buí a mhealladh.     

Is féidir beacha a mhúineadh go han-tapa chun liathróid a bhrú isteach i bpoll agus luach saothair ar fáil dóibh cé go bhfuil a ninchinní ar an dtoirt céanna le síol beag. Tá a nard-intleacht ríthábhachtach chun go mairfidh siad, i dteannta lena dtimpeallacht. 

Creideann Handrick go mbeidh éifeacht tromchiallach ag tuilleadh eolais faoi chaomhnú na mbeach ar dhaoine agus go gcuirfidh sé fonn orthu beart a dhéanamh ar a son.  

Dúirt sé, "Dá mba rud é go dtugtar an spás dóibh, thosódh beacha ag teacht chucu féin agus bheadh rath orthu taobh istigh de chúig bliana."   

 

Image 1—Grianghraf le Injae Kang. 
Image 2—Photo by Paul Handrick/Grianghraf le Paul Handrick. 
Title of project/article: Chomh saothrach le beach article 

Le níos mó rochtain, beidh rath ar ár gcóras iompar

Conas ar féidir le córas iompar Bhaile Átha Cliath ceachtanna na Bruiséile a chur I gcrích?  

Tá córas íocaíochta nua acu sa Bhruiséil ó 2020. Anois is féidir le custaiméirí a dticéid a cheannach ar an traen lena gcárta bainc. Níl gá ticéad a cheannach roimh ré nó cárta ar leith a bheith acu cosúil le cárta Leap. Glaotar Europay Mastercard Visa (EMV) ar an gcóras seo agus d’úsáid níos mó ná 3 milliún daoine é I 2021.  

Anseo in Éirinn, tá mórán in easnamh ar chóras iompar cháthair Bhaile Átha Cliath. Is ar éigean go bhfuil seirbhís poiblí ar fáil ó lár na cathrach go dtí an aerfort, tá géarghá le toilleadh busanna déanacha agus níl córas ar bith ag feidhmiú faoi thalamh go fóill.  

Is é drochdhearadh spáis uirbigh agus iompar poiblí neamhphraiticiúil i gceantair thuaithe is cionsiocair le seo. Tá an leibhéal is airde spleáchais carr againn san Eoraip agus braitheann daoine atá ina gcónaí faoin tuath ar a gcarr mar nach bhfuil rogha eile acu go hiondúil. 

"Ar an meán, tugtar 450,000 turas ar fud na tíre gach lá ag baint úsáide as an gcárta Leap. Baineann formhór na bpaisinéirí Leap úsáid as seirbhísí Bus Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann, Luas agus Bus Éireann. In 2023, breathnóimid ar níos mó lascainí a chur ar tháillí mar bhealach chun níos mó daoine a mhealladh chun iompar poiblí a úsáid," a dúirt Oifigeach Cumarsáide Michael Sinnott ón Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).  

Shocraigh Buiséad 2023 go mbeadh €3.51 billiún faoi chúraim an Roinn Iompair. Gealltar dúinn go núsáidfear an infheistíocht seo le seirbhísí a fheabhsú, ticéid a dhéanamh níos saoire, busanna breise a chur ar fáil ar fud na tíre agus dul chun cinn a dhéanamh ar thionscadail ar nós BusConnect agus Metrolink. Úsáideann 55% de dhaoine an córas iompar poiblí le taisteal isteach go Baile Átha Cliath. Cuirfidh BusConnect Dublin lánaí bus nua i bhfeidhm thar timpeall Baile Átha Cliath d’fhonn poncúlacht a fheabhsú agus trácht i lár na cathrach a laghdú. 

"Faoi láthair, níl lánaí bus i bhfeidhm ach ar feadh níos lú ná aon trian den chonair, rud a chiallaíonn go bhfuil an chuid is mó de na turais ar bhusanna san iomaíocht do spás leis an dtrácht ginearálta. Creideann an NTA gurb é an t-aon réiteach air seo ná líon na gcarranna ar an mbóthar a laghdú agus na croíthionscadail conaire bus a chur ar fáil mar chuid de BusConnects, chomh tráthúil agus is féidir," a dúirt Sinnott. 
Bhí an tAire Sóisearach Neale Richmond ina chónaí sa Bhruiséil agus i mBaile Átha Cliath araon agus dúirt sé, "Tá níos mó fadhbanna ag iompar poiblí sa Bhruiséil maidir le sábháilteacht an phobail. Áfach, ní mór do chóras na hÉireann a chumas iompair a fheabhsú go ginearálta, i dteannta sin tá meitreo chomh fada leis an aerfort de dhíth".  

Déantar níos mó ná milliún turas ar fud Phríomhchathair na hEorpa gach lá. Mhínigh Marie Thibaut de Maisières, urlabhraí Elke Van den Brandt, Aire Soghluaisteachta Réigiún na Brúiséile go bhfuil infheistíocht á déanamh acu faoi láthair i dtrí líonra; metro, tram agus bus.  
Bíonn metro gach trí nóiméad go hiondúil agus ceann gach deich nóiméad tar éis a hocht a chloig. Chomh maith leis an metro, tram agus bus tá a lán scútair leictreacha ar fáil I bpríomhcathair na hEorpa freisin. Soláthraíonn an comhlacht Lime roinnt de na scútair seo. Fuarthas amach i staidéar a rinne siad gur úsáid 25% de na daoine a raibh baint acu leis an staidéar na scútair seachas turas a dhéanamh i gcarr. D'fhéadfadh sé seo a bheith mar rogha eile úsáideach chun taisteal timpeall cháthair Bhaile Átha Cliath.   

"Bhí próiséas comhairliúcháin mór againn le saoránaigh na Bruiséile' agus d'éist muid lena naiseolas chun feabhas mór a chuir ar an bpróiseas", dúirt Maisières. 

Chuir Údarás Iompair na Bruiséile lascaine i bhfeidhm ar an gcóras iompair i 2019 agus tá méadú 45% tagtha ar líon na ndaoine óga atá á úsáid anois. Laghdaíodh costas chárta mac léinn go €12 ar gach modh iompair poiblí agus níor athraigh siad na praghsanna ar ticéad ginearálta ó 2014. Mhéadaigh sé seo úsáid iomlán an chórais agus tá grád sástachta 80% ag custaiméirí leis. 

"Táimid ag iarraidh go noibreoidh siad ar fad as lámh a chéile. Is é an cuspóir atá ann ná go dtiocfadh beagnach gach bus gach cúig nóiméad déag. Úsáidtear busanna le freastail ar áiteanna a bhfuil dlús níos ísle acu, tar éis seo tá tramanna againn agus ansin an meitreo do na háiteanna dlúis is airde".  

Ar dtús, ní raibh laghduithe praghsanna ar fáil ach do mhic léinn, anois tá páistí, daoine faoi bhun cúig bliana is fiche agus daoine os cionn seasca a cúig san áireamh chomh maith. Ní haon ionadh go bhfuil méadú 50% tagtha ar líon na n-úsáideoirí iompair phoiblí le deich mbliana anuas.  

"Tá muid ag iarraidh daoine óga agus seandaoine a mhealladh chuig ár gcóras iompar poiblí toisc go bhfuil níos mó ama acu. Anuas ar sin tá sé níos deacra do sheandaoine siúl agus rothaíocht. Má tosaíonn tú á úsáid ag aois óg tá seans níos mó ann go gcoimeadfaidh tú á úsáid don chuid eile de do shaol," a dúirt Maisières.  

Ar an dóigh céanna, cuireadh lascaine de 50% ar chártaí Leap na mac léinn le déanaí in Éirinn. Bhí lascaine 20% ar gach táille Leap eile agus cuireadh táille TFI 90 nóiméad i bhfeidhm freisin. I mí Dheireadh Fómhair 2022 a sháraigh an Cárta Leap billiún turais agus i mí Mheán Fómhair tuairiscíodh gur díoladh 6 miliún cárta ónar cuireadh ar fáil é. Mar sin féin, an rud is mó atá in easnamh ar an gcóras iompair sa bpríomhchathair ná áisiúlacht. 

"Níl sé míréasúnta don phobal a bheith ag súil le leibhéal réasúnta seirbhíse ar ár ngréasán iompair. Tá na hobráidí ag tuar feabhsuithe ar iontaofacht sna míonna amach romhainn, ag brath ar earcú agus coinneáil foirne rathúil, go háirithe tiománaithe, táthar ag súil go gcabhróidh sé seo le réiteach a fháil ar na fadhbanna iontaofachta reatha a bhfuil taithí acu orthu”, a dúirt Josepha Madigan, An tAire Stáit um Oideachas Speisialta agus Cuimsiú.   

Thug Sinnott ón Údarás Náisiúnta Iompair le fios gur easpa tiománaithe bus ag deireadh na paindéime a ba chúis leis an méadú a tháinig ar chealú seirbhísí. Cé go bhfuil laghduithe praghsanna agus pleananna nua chun ár gcóras iompair a fheabhsú, is fada an aistear romhainn leis an gcóras feabhsaithe a gealladh dúinn a bhaint amach. 

Image 1—Griangraf le Isabel Ní Challaráin. / Photograph by Isabel Ní Challaráin.  
Article /Text2: Le níos mó rochtain, beidh rath ar ár gcóras iompar 

Image 2—Griangraf le Injae Kang / Photograph by Injae Kang.  
Article /Text2: Le níos mó rochtain, beidh rath ar ár gcóras iompar